Joan Clancy Art Gallery
   Mweelahorna, Ring, Dungarvan, Co. Waterford, Ireland. X35 YE83 Tel : (058) 46205   Mobile : (086) 813 4597  
Home
Current Exhibition
More Art For Sale
Visitor Experience
Contact Us
About Us
Artists
Media Coverage
News
Clancy Brothers
Links
Coláiste 100

Nuacht Meitheamh 2005

Cur síos ar na h-ealaíontóirí

Tá rath do-chreidte tar éis teacht ar ealaín le Arthur K. Maderson agus bhí an-éileamh do na taispéantaisí móra in éirinn agus sa mBreatain le deich mbliana anuas. Rugadh é i Londain i 1942. áirítear é i liosta na n-ealaíontóir meafaracha go bhfuil an cáil is mó orthu i Modern Oil Impressionists le Ron Ransom.

ón uair a cháiligh sí i 1991, tá Sinéad Ní Chionaola tar éis an-chuid duaiseanna a bhuachaint, a chiallaigh go raibh sí ábalta obair mar ealaíontóir thar lear. Thóg sí a h-ionsporáid ós na suíomhanna in éirinn, san Eoraip, i gCeanada agus i Meiriceá. Tosnaíonn sí amuigh faoin aeir agus leanann sí ar aghaidh sa stúideo. Cuireann sí sraith amháin péint ar an gcéad sraith eile. Clúdaíonn sí gach sraith leis an gceann a chuaigh roimhe ach scaoiltear rian beag tríd a chruthaíonn tírdhreach go bhfuil a íomhá féin aige.

Tagann Bríd Ní Chionnfaolaidh ó chlann go bhfuil clú cultúr agus oidhreacht na Rinne ag baint leo. Is col ceathar í le Sinéad Ní Chionaola. Tá siad ina ngariníonacha le Micheál ó Cionnfaolaidh, ceann des na daoine a bhunaigh Coláiste na Rinne. Is céimí í ó Choláiste Crawford agus tá tionchar mór ag a tuaithe uirthi. Chuir sí roinnt taispéantaisí aonaracha i láthair. Tá a h-ealaín ar fáil i mbailiúcháin tábhachta in éirinn agus thar lear.

Is iar scoláire de chuid Coláiste na Rinne (1957-58) í Helen Comerford. Fuair sí árd mholadh dona taispéantas aonair i 2004 i Taylor Galleries, áit a bhíonn a h-ealaín ar fáil go minic. Tá Cill Rialaig I agus II mar chuid den tógra Seas a thosnaigh san Aegean sa nGréig agus a leanann fé láthair ar Inis Oír agus Acaill. Fuair sí an-chuid duaiseanna síos tríd na mblianta. Tá a h-ealaín páirteach i mbailiúcháin idir-náisiúnta, chorporáideacha agus chathardha in éirinn. Cónaíonn agus oibríonn sí i gCill Chainnigh.

Bhíodh Rayleen Clancy ag staidéar ag NCAD agus ag Institiúid Ealaíon San Francisco. Cháiligh sí ó Choláiste Ealaíona Dhún Laoghaire i Staidéar Scannaíochta. Tá taispéantaisí aonaracha tar éis a bheith aici i Dyehouse agus i STAC. Bhí a h-obair le feiscint ag an 173ú Taispeántas Bliantúil RHA agus ag Waterford Healing Arts Trust. Fé láthair tá sí ag cur i gcóir do chomh-thaispéantas lena deirfiúr Blawnin i nDánlann Grefriars i Samhna 2005.

Bhíodh Blawnin Clancy ag staidéar i gColáiste Ealaíona Crawford agus cháiligh sí ó NCAD. Is í Gaeltacht na Rinne an inspiorád do formhór a cuid oibre. Bhí a taispéantas aonair Drifter ag STAC go mór i mbéal an phobail. Deineadh cur síos ar a h-obair chomh maith le obair Rayleen ar Nationwide ar RTé 1 agus le déanaí i Waterford Healing Arts Trust. Roghnaíodh a pictiúr The Swimmer as éire agus an Bhreatain chun a bheith páirteach i bhféilire Daler-Rowney 2005. Fé láthair tá sí ag cur i gcóir do chomh-thaispéantas lena deirfiúr Rayleen i nDánlann Grefriars i Samhna 2005.

Cháiligh Danny Cunningham as Coláiste Ealaíona Crawford le Céim Onórach i bpéintéireacht agus bronnadh duais cónaitheach le Tyrone Guthrie Centre air. Tá a ealaín mar chuid de bailiúchain phríomháideacha, chorporáideacha agus chathardha tábhachtacha.

Rugadh Wishy (Patricia) Martin i gCorcaigh agus riaraíonn sí ionad ealaíona na Leasa Móire. "Sé an rud a chuardaím i bpéintéireacht ná an mothúchán uathúil den duine, nó an t-atmaisféar agus solas sa tírdhreach" a deir sí. Tá a h-ealaín mar chuid de bailiúcháin phríomháideacha agus chorporáideacha ar fud an domhain.

"Gheobhfaí a rá go bhfuil Pat Murphy ar cheann des an h-ealaíontóirí is cumasaí atá ag obair in éirinn sa lá atá inniu ann," de réir an stairí agus léirmheastóir ealaíona Peter Jordan. Rugadh é i bPort Láirge i 1950. Bhí sé ag staidéar i NCAD ag tús na seachtóidí, agus d'fhás an mianach a bhí ann ó shin i leith. D'fhuascail iargúltacht Ghaeltacht Phort Láirge é, áit a chonaíonn sé féin agus a chlann fé láthair.

Rugadh Andrea Jameson i Oslo i 1953. Athair éireannach agus máthair Ioruach a bhí aici, agus ba é Port Láirge an baile a bhí aici i gcónaí. Tar éis di am a chaitheamh i Scoil an Bhaile Nua, chuaigh sí ag staidéar san Iodáil agus i Londain. Bhí taispéantaisí aonaracha aici i nDánlann Oliver Swann i Londain, Dánlann Gorry i 1993, agus Taispéantas an RHA i 1992. Bhí a sean-mháthair Joan Jameson mar bhall de Phéintéirí áth Cliath, mar aon lena col ceathair Evie Hone.

Fé láthair tá Laura Fitzgerald ag staidéar �Fine Art Painting' i NCAD. Ainmníodh a h-obair do Chomórtas Bonn Markievicz i 2004 agus 2005. Glacadh í isteach i Parson's School of Design i Nua Eabhrach agus bronnadh A uirthi, an grád is airde a bhronntar i scoil Pharson. Roghnaíodh í do Thaispéantas Ealaíona an Mic Léinn Fánach den RDS, agus ag aois óg tá roinnt mhaith duaiseanna faighte aici.

Aithníotar Micheal Mulcahy mar ceann des na h-ealaíontóirí idirnáisiúnta is fearr ó éire. Tá an ealaín atá idir láimhe aige i láthair na h-uaire séibh ach le blas láidir atá dírithe ar théamaí cosmacha, agus ar ghlaineacht agus so-bhristeacht an spiorad daonna. Rugadh é i nDúngarbhán i 1952, agus caitheadh muintir Uí Mhaolcatha a gcuid saoire samhraidh i nGaeltacht na Rinne.

Cháiligh Suzy O'Mullane ó Choláiste Ealaíona Crawford agus tá sí tar éis rian láidir a fhágaint ar ealaín na héireann, na Breataine agus na hEorpa. Chomh maith le sin tá sí tar éis tréimhsí cónaithe a chaitheamh le bailitheoirí príomháideacha agus poiblí. D'fhorbair sí a stíl féin, ach tá rian na mór phéintéirí ar nós Rego, Freud, Kahlo agus Kollwitz le feiscint ina cuid oibreacha.

Ba í Isobelle O'Dell - Isabel Mary Grant Ussher - (- 1948) an t-aon iníon a bhí ag Richard J. Ussher ó Cappagh House, i bPort Láirge. Bhí sí ag staidéar ag �Slade School of Fine Art' i Londain, agus ag Academie Julian i bPáiris ag an am céanna le Constance Gore-Booth. Phós sí William Odell i 1901 agus i 1908 bhog siad go dtí an Aird Mhór. I 1915 bhogadar go dtí Bristol. I 1924 bhí comh-thaispéantas ag Isabel agus a h-iníon sa Country Shop i mBaile átha Cliath. Thaispéan Isabel tírdhreachanna ó Phort Láirge agus Conamara. Bhí ceann des na pictiúirí ag cur síos ar Tom Murray, fear céachta a d'obair ar Eastáit an Cheapaigh. Tá an pictiúr seo ar iasacht ó Bhailiúchán Cathrach Phort Láirge agus léirítear é i leabhar a nia, Arland Ussher, dár teideal Caint// an tSean Shaoghail a foilsíodh i 1942. D'fhill sí ar an Aird Mhór i 1935. Thóg sí tigh agus stuideo ann. Fuair sí bás i 1948.

   Contemporary Irish Art Gallery Near Dungarvan - Young, Emerging & Established Artists Website By : Déise Design