Joan Clancy Art Gallery
   Mweelahorna, Ring, Dungarvan, Co. Waterford, Ireland. Tel : (058) 46205   Mobile : (086) 813 4597  
Home
Current Exhibition
More Art For Sale
Contact Us
About Us
Artists
Media Coverage
News
Clancy Brothers
Links
The Clancy Brothers & Tommy Makem - Ómós dá nOidhreacht Chultúrtha i nGailearaí Joan Clancy

30ú Iúil – 15ú Lunasa

Arthur Maderson, Tom Climent, Mary Clancy, Bernadette Kiely, Blawnin Clancy, Una Sealy, Rayleen Clancy, Katarzyna Gajewska, Orla Clancy, Paul Flynn, Andrea Jameson, Dave West, John Cullinan, Laura Fitzgerald.

Deireadh ré ba ea bás Liam Clancy, i Mí na Nollag 09 agus tá taispeántas ealaíona á reáchtáil ag Gailearaí Joan Clancy, a bheidh ar oscailt ón 30ú Iúil – 15ú Lúnasa, agus a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha na Clancy’s agus Tommy Makem, go bhfuilid go léir ar shlí na fírinne faoin dtráth seo.

Bhain na Clancys cáil idirnáisiúnta amach trís na hamhráin thraidisiúnta, na hamhráintí mara meidhreacha agus na bailéidí uaigneacha, a chuireadar i láthair go drámatúil le máistreacht ceirde. Chuaigh na hamhráintí a chanadar agus na báiníní ar ghnáthach leo a chaitheamh, i bhfeidhm go mór ar an bpobal trí chéile. Ar stáitse dhóibh, d’fhág a gcion don ndrámaíocht, don bhfilíocht, agus don ltiríocht a rian ar an gcur i láthair féin.

Rugadh na Deartháireacha Clancy (Tom, Paddy agus Liam a bhí ann ón tús agus Bobby a lean ar ball iad), i gCarraig na Siúire, Co. Thiobraid Árainn. Chuaigh Tom agus Liam chun cónaithe sa Rinn i gCo. Phort Láirge sa deireadh, áit go mb’ansa leo go léir.

Rugadh Tommy Makem i gCéide, Co. Ard Mhacha agus chuir sé faoi i Dover, New Hampshire.

Tá an chéad ghlúin eile de mhuintir Clancy agus Makem ag baint aitheantas amach dóibh féin sna healaíona stáitse agus cruthaitheacha.

I measc na bpíosaí a chuirfear i láthair le linn an Taispeántas Ómósach, beidh saothar de chuid na bhfísealaíontóirí Orla Clancy iníon le Paddy agus Mary, Blawnin agus Rayleen Clancy iníonacha Tom agus Joan, Arthur Maderson, Bernadette Kiely, Una Sealy, Tom Climent, Katarzyna Gajewska, Dave West, Mary Clancy (ná fuil gaolta), Paul Flynn, Andrea Jameson, John Cullinan, Laura Fitzgerald agus eile.

Bunaíodh Gailearaí Joan Clancy in 1999 sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá stádas á bhaint amach aige de réir a chéile mar láthair ina mbíonn an fhísealaíon comhaimseartha Éireannach is deise ar thaispeáint. Is baintreach Tom Clancy í Joan. Féach www.joanclancygallery.com

   Contemporary Irish Art Gallery Near Dungarvan - Young, Emerging & Established Artists Website By : Déise Design