Joan Clancy Art Gallery
   Mweelahorna, Ring, Dungarvan, Co. Waterford, Ireland. Tel : (058) 46205   Mobile : (086) 813 4597  
Home
Current Exhibition
More Art For Sale
Contact Us
About Us
Artists
Media Coverage
News
Clancy Brothers
Links
Ann Dunphy Solo in Gailearaí Joan Clancy

Iúil 8 – 25

Tá áthas ar Ghailearaí Joan Clancy taispeántas aonarach leis an ealaíontóir Ann Dunphy a chur i láthair an phobail ón 8ú go 25ú Iúil. Tá an saothar seo faoi thionchar ag dathanna donna agus buí thírdhreach Cambodia. Fad agus a bhí sí fós ina mac léinn ag Coláiste Ealaíona & Dearadh Crawford, bhí cáil á bhaint amach ag Dunphy as feabhas a cuid ealaíona agus bhain sí amach mórán dámhachtain tábhachtacha. Anois, ar fhilleadh di tar éis seacht mbliain a chaitheamh thar lear, is cinnte go gcuirfear suim sna saothair nua dá cuid - acu siúd go bhfuil cur amach acu ar chúrsaí ealaíona agus ar cheannaitheoirí cliste.

Míníonn Dunphy, a rugadh i nDún Garbhán "is nuair a osclaímíd ár súilibh agus go dtugaimíd cultúir éagsúla faoi ndear, sea cuirfimíd leis an luach atá againn ar ár gcultúr féin".

Arsa sí, "bhí tábhacht i gcónaí ag an uisce sa tsaothar agam agus úsáidim dearcadh éagsúil le cur le dinimic mo shaothair cruthaithí."

"I ngach pictiúr, tá tú lonnaithe i gcroí lár gluaiseachta agus fuinnimh, íomhá agus teannas. Úsáidim dathanna agus solas thar dromchla an uisce agus meascaim dathanna éagsúla lena chéile, go hard ós na spéartha. Léirím neart, trín chontrárthacht a úsáidim sna doimhneachtaí dathanna créúil a úsáidim i gcomórtas leis na dathanna láidre geala a úsádim le héanlaithe, báid agus beostoc a léiriú. Braitim riachtanas chun na téamaí seo a fhiosrú. Briseann na híomhánna tríd."

"Chítear na marcanna troma ag imeachta as radharc ag bun na spéire agus na dathanna nua ag teacht tríd le go leanfar iad"

Tá Gailearaí Joan Clancy lonnaithe i nGaeltacht Phort Láirge gairid do Choláiste na Rinne, 10 chiliméadar ó Dhún Garbhán agus 12 chiliméadar ón Aird Mhór.

   Contemporary Irish Art Gallery Near Dungarvan - Young, Emerging & Established Artists Website By : Déise Design