Joan Clancy Art Gallery
   Mweelahorna, Ring, Dungarvan, Co. Waterford, Ireland. Tel : (058) 46205   Mobile : (086) 813 4597  
Home
Current Exhibition
More Art For Sale
Contact Us
About Us
Artists
Media Coverage
News
Clancy Brothers
Links
Coláiste 100

Nuacht Meitheamh 2005

Cur síos ar na h-ealaíontóirí

Tá rath do-chreidte tar éis teacht ar ealaín le Arthur K. Maderson agus bhí an-éileamh do na taispéantaisí móra in éirinn agus sa mBreatain le deich mbliana anuas. Rugadh é i Londain i 1942. áirítear é i liosta na n-ealaíontóir meafaracha go bhfuil an cáil is mó orthu i Modern Oil Impressionists le Ron Ransom.

ón uair a cháiligh sí i 1991, tá Sinéad Ní Chionaola tar éis an-chuid duaiseanna a bhuachaint, a chiallaigh go raibh sí ábalta obair mar ealaíontóir thar lear. Thóg sí a h-ionsporáid ós na suíomhanna in éirinn, san Eoraip, i gCeanada agus i Meiriceá. Tosnaíonn sí amuigh faoin aeir agus leanann sí ar aghaidh sa stúideo. Cuireann sí sraith amháin péint ar an gcéad sraith eile. Clúdaíonn sí gach sraith leis an gceann a chuaigh roimhe ach scaoiltear rian beag tríd a chruthaíonn tírdhreach go bhfuil a íomhá féin aige.

Tagann Bríd Ní Chionnfaolaidh ó chlann go bhfuil clú cultúr agus oidhreacht na Rinne ag baint leo. Is col ceathar í le Sinéad Ní Chionaola. Tá siad ina ngariníonacha le Micheál ó Cionnfaolaidh, ceann des na daoine a bhunaigh Coláiste na Rinne. Is céimí í ó Choláiste Crawford agus tá tionchar mór ag a tuaithe uirthi. Chuir sí roinnt taispéantaisí aonaracha i láthair. Tá a h-ealaín ar fáil i mbailiúcháin tábhachta in éirinn agus thar lear.

Is iar scoláire de chuid Coláiste na Rinne (1957-58) í Helen Comerford. Fuair sí árd mholadh dona taispéantas aonair i 2004 i Taylor Galleries, áit a bhíonn a h-ealaín ar fáil go minic. Tá Cill Rialaig I agus II mar chuid den tógra Seas a thosnaigh san Aegean sa nGréig agus a leanann fé láthair ar Inis Oír agus Acaill. Fuair sí an-chuid duaiseanna síos tríd na mblianta. Tá a h-ealaín páirteach i mbailiúcháin idir-náisiúnta, chorporáideacha agus chathardha in éirinn. Cónaíonn agus oibríonn sí i gCill Chainnigh.

Bhíodh Rayleen Clancy ag staidéar ag NCAD agus ag Institiúid Ealaíon San Francisco. Cháiligh sí ó Choláiste Ealaíona Dhún Laoghaire i Staidéar Scannaíochta. Tá taispéantaisí aonaracha tar éis a bheith aici i Dyehouse agus i STAC. Bhí a h-obair le feiscint ag an 173ú Taispeántas Bliantúil RHA agus ag Waterford Healing Arts Trust. Fé láthair tá sí ag cur i gcóir do chomh-thaispéantas lena deirfiúr Blawnin i nDánlann Grefriars i Samhna 2005.

Bhíodh Blawnin Clancy ag staidéar i gColáiste Ealaíona Crawford agus cháiligh sí ó NCAD. Is í Gaeltacht na Rinne an inspiorád do formhór a cuid oibre. Bhí a taispéantas aonair Drifter ag STAC go mór i mbéal an phobail. Deineadh cur síos ar a h-obair chomh maith le obair Rayleen ar Nationwide ar RTé 1 agus le déanaí i Waterford Healing Arts Trust. Roghnaíodh a pictiúr The Swimmer as éire agus an Bhreatain chun a bheith páirteach i bhféilire Daler-Rowney 2005. Fé láthair tá sí ag cur i gcóir do chomh-thaispéantas lena deirfiúr Rayleen i nDánlann Grefriars i Samhna 2005.

Cháiligh Danny Cunningham as Coláiste Ealaíona Crawford le Céim Onórach i bpéintéireacht agus bronnadh duais cónaitheach le Tyrone Guthrie Centre air. Tá a ealaín mar chuid de bailiúchain phríomháideacha, chorporáideacha agus chathardha tábhachtacha.

Rugadh Wishy (Patricia) Martin i gCorcaigh agus riaraíonn sí ionad ealaíona na Leasa Móire. "Sé an rud a chuardaím i bpéintéireacht ná an mothúchán uathúil den duine, nó an t-atmaisféar agus solas sa tírdhreach" a deir sí. Tá a h-ealaín mar chuid de bailiúcháin phríomháideacha agus chorporáideacha ar fud an domhain.

"Gheobhfaí a rá go bhfuil Pat Murphy ar cheann des an h-ealaíontóirí is cumasaí atá ag obair in éirinn sa lá atá inniu ann," de réir an stairí agus léirmheastóir ealaíona Peter Jordan. Rugadh é i bPort Láirge i 1950. Bhí sé ag staidéar i NCAD ag tús na seachtóidí, agus d'fhás an mianach a bhí ann ó shin i leith. D'fhuascail iargúltacht Ghaeltacht Phort Láirge é, áit a chonaíonn sé féin agus a chlann fé láthair.

Rugadh Andrea Jameson i Oslo i 1953. Athair éireannach agus máthair Ioruach a bhí aici, agus ba é Port Láirge an baile a bhí aici i gcónaí. Tar éis di am a chaitheamh i Scoil an Bhaile Nua, chuaigh sí ag staidéar san Iodáil agus i Londain. Bhí taispéantaisí aonaracha aici i nDánlann Oliver Swann i Londain, Dánlann Gorry i 1993, agus Taispéantas an RHA i 1992. Bhí a sean-mháthair Joan Jameson mar bhall de Phéintéirí áth Cliath, mar aon lena col ceathair Evie Hone.

Fé láthair tá Laura Fitzgerald ag staidéar ‘Fine Art Painting' i NCAD. Ainmníodh a h-obair do Chomórtas Bonn Markievicz i 2004 agus 2005. Glacadh í isteach i Parson's School of Design i Nua Eabhrach agus bronnadh A uirthi, an grád is airde a bhronntar i scoil Pharson. Roghnaíodh í do Thaispéantas Ealaíona an Mic Léinn Fánach den RDS, agus ag aois óg tá roinnt mhaith duaiseanna faighte aici.

Aithníotar Micheal Mulcahy mar ceann des na h-ealaíontóirí idirnáisiúnta is fearr ó éire. Tá an ealaín atá idir láimhe aige i láthair na h-uaire séibh ach le blas láidir atá dírithe ar théamaí cosmacha, agus ar ghlaineacht agus so-bhristeacht an spiorad daonna. Rugadh é i nDúngarbhán i 1952, agus caitheadh muintir Uí Mhaolcatha a gcuid saoire samhraidh i nGaeltacht na Rinne.

Cháiligh Suzy O'Mullane ó Choláiste Ealaíona Crawford agus tá sí tar éis rian láidir a fhágaint ar ealaín na héireann, na Breataine agus na hEorpa. Chomh maith le sin tá sí tar éis tréimhsí cónaithe a chaitheamh le bailitheoirí príomháideacha agus poiblí. D'fhorbair sí a stíl féin, ach tá rian na mór phéintéirí ar nós Rego, Freud, Kahlo agus Kollwitz le feiscint ina cuid oibreacha.

Ba í Isobelle O'Dell - Isabel Mary Grant Ussher - (- 1948) an t-aon iníon a bhí ag Richard J. Ussher ó Cappagh House, i bPort Láirge. Bhí sí ag staidéar ag ‘Slade School of Fine Art' i Londain, agus ag Academie Julian i bPáiris ag an am céanna le Constance Gore-Booth. Phós sí William Odell i 1901 agus i 1908 bhog siad go dtí an Aird Mhór. I 1915 bhogadar go dtí Bristol. I 1924 bhí comh-thaispéantas ag Isabel agus a h-iníon sa Country Shop i mBaile átha Cliath. Thaispéan Isabel tírdhreachanna ó Phort Láirge agus Conamara. Bhí ceann des na pictiúirí ag cur síos ar Tom Murray, fear céachta a d'obair ar Eastáit an Cheapaigh. Tá an pictiúr seo ar iasacht ó Bhailiúchán Cathrach Phort Láirge agus léirítear é i leabhar a nia, Arland Ussher, dár teideal Caint// an tSean Shaoghail a foilsíodh i 1942. D'fhill sí ar an Aird Mhór i 1935. Thóg sí tigh agus stuideo ann. Fuair sí bás i 1948.

   Contemporary Irish Art Gallery Near Dungarvan - Young, Emerging & Established Artists Website By : Déise Design