Joan Clancy Art Gallery
   Mweelahorna, Ring, Dungarvan, Co. Waterford, Ireland. Tel : (058) 46205   Mobile : (086) 813 4597  
Home
Current Exhibition
More Art For Sale
Contact Us
About Us
Artists
Media Coverage
News
Clancy Brothers
Links
Ceiliúrfaidh Joan Clancy Gallery, i bpáirt le Teach ⁊ Gairdíní Dhrom Eanaigh, naisc áitiúla an file cúirte John Betjeman

Déanfaidh Joan Clancy Gallery, Maoil a' Choirne, An Rinn, Gaeltacht na nDéise comóradh ar an bhfile cúirte John Betjeman le Dungarvan in The Rain, taispeántas grúpa a bheidh ar siúl ón 12- 22 Meitheamh 2019, ag comóradh 35 bliain a bháis.

B'aoibhinn le Betjeman an tír seo agus ba mhinic leis a bheith i nDún Garbhán agus in Iarrthar Phort Láirge. Spreagfaidh nasic an fhile leis an gceantar seo na pictiúir nua a bheidh sa thaispeántas le Andrea Jameson, Blawnin Clancy, Sinead Ní Chionaola, Ivan Daly, Ciara Gormley, Rayleen Clancy, Eilis O'Toole, John Cullinan, Noeleen Crossan agus daoine eile.

Thug Betjeman cuairt rialta ar an Teach Buí i gCeann Heilbhic, lóiste iascaireachta in aice le Gailearaí Clancy, a bhí faoi úinéireacht ag an am ag na Villiers-Stuarts ó Drom Eanaigh.

Osclóidh Barbara Grubb an taispeántas i Joan Clancy Gallery ag 7.30pm Dé Céadaoin 12 Meitheamh.

Bhuanaigh Betjeman cuimhne ar leas-shean mháthair Barbara, Emily Villiers-Stuart, nee Sears sna dánta, The Irish Unionist's Farewell to Greta Hellstrom, Dungarvan 1922 nó Dungarvan in the Rain, mar is fearr aithne air sa phobal, agus Ireland with Emily.

Leanfaidh ceiliúradh John Betjeman ar aghaidh Dé Domhnaigh 16 Meitheamh ag Teach ⁊ Gairdíní Dhrom Eanaigh breathnú amach ar Abhainn Mór na nDéise in aice le Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge, teach Barbara Grubb. Beidh na geataí ar oscailt ag 12 meán lae (má cheadaíonn an aimsir) agus beidh fáilte roimh dhaoine ar mhaith leo sult a bhaint as an áit aoibhinn agus a bpicnic féin a bheith acu sna gairdíní.

Ag 2pm beidh caint ann agus léachtaí filíochta ina dhiaidh leis an bhfile clúiteach as Ceapach Choinn, Thomas McCarthy; an t-údar cáiliúil Sally Phipps, iníon le Molly Keane; an file iomráiteach Clodagh Beresford Dunne; Peter Murray atá éirithe as mar feighlí ag an Crawford Art Gallery,agus John Fitzgerald buaiteoir de ghradam Patrick Kavanagh ó Leabharlann Boolei gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Moltar réamh-áirithint a dhéanamh do Theach Drom Eanaigh, beidh na huimhreacha teoranta. €16 an duine; leanaí faoi 12 saor in aisce. www.dromanahouse.com

Tá Joan Clancy Gallery, Maoil a' Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge suite i nGaeltacht na nDéise idir Trá an Choinigéir agus Coláiste na Rinne, deich nóiméad ó Rian Glas na nDéise.

   Contemporary Irish Art Gallery Near Dungarvan - Young, Emerging & Established Artists Website By : Déise Design